An tIdirghnéas

Ní rud dénártha é an nádúr ach fós féin is gnách linn mar dhaoine breathnú ar ár ndomhan trí péire spéaclaí aisteach a scarthaíonn chuile rud i dhá chatagóir: maith is olc, dubh is bán, mór is beag, díreach is aerach, Yin is Yang, fear is bean. Is ró-mhinic a dhéanaimid dearmad gur saol analógach ní dhigiteach atá againn, saol nach n-oireann an fhrámaíocht dhénártha a chuirimid mar chóirséad uirthi. Go buíoch beannachtach, tá snáitheanna an chóirséid éignigh sin ag tosú a réiteach amach. De bharr ár mbrisidh leis an Eaglais, ní roinntear cúrsaí eiticiúla a thuilleadh cosúil leis an Hata Sortála i Harry Potter – i dtithe an oilc agus na maitheasa, i nglaineacht agus “saobhadh”  . In Éirinn liobrálach ar a laghad, glactar níos is níos mó leis an trasghnéasachas agus chomh maith leis an bhfírinne gur contanam atá i gceist i ngnéaasacht an duine agus san inscne.   Diaidh ar ndiaidh, tuigimid mar sochaí nach mbíonn cúrsaí eiticiúla nó gnéasacha chomh ‘dubh is bán’ agus a cheapamar go raibh siad. Sin ráite, bíonn diceatóime ollmhór i sochaí an Oirthir, nach ndéanann beagnach éinne ar bith ceist air. Sin é an diceatóime anatamch idir mná is fir.

Sa lá atá inniu ann, is annamh a thugtar dúshlán ar mhúnla dénártha an ghnéis is na hinscne i sochaí an Iarthair.  Nach bhfuil a fhios ag gach mac máthar go bhfuil dhá chrómasóim ag mná is go bhfuil crómasóm amháin X is crómasóm amháin Y ag fir? Ach níl cúrsaí chomh simplí sin. Sampla amháin ná daoine a bhfuil trí chrómasóim acu –XXY – riocht darb ainm “Siondróm Klinefelter”.Cé nach labhraítear faoi sna meáin, bíonn Siondróim Klinefelter ag bhfear amháin as gach cúig céad fir.

Tugtar an téarma ‘idirghnéasach’ ar dhaoine a bhfuil baill ghiniúna acu nach bhfuil cuma go hiomlán firinscneach nó baininscneach orthu . Mar a feicfear thíos, is mór an éagsúlacht sna riochtaí seo agus is iomaí cúis leo.  Chun an t-eagar riochtaí éagsúla a thuiscint, caithfear súil a chaitheamh ar fhorbairt an chórais atáirgthe san fhéatas. Is rud cuíosach casta é seo ach dar liomsa, tá trí phointe an tábhachtach le tabhairt faoi deara. Is é an chéad phointe ná gur féidir le chuile ghin , is cuma cén cróimeasóim atá acu, forbairt ina bhuachaill nó ina cailín,ag brath ar thimpealleacht hormónach atá iontu agus umpu sa bhroinn. Fásann chuile ghin le réamhtheachtaithe an chórais atáirgthe fhiriniscingh is réamhtheachtaí an chórais atáirgthe bhaininscinigh. Ducht Wolff is ainm don réamhtheachtaí firinscneach atá mar bhunús don ducht speirmeach, do na saicíní seamhnaigh is don eipididimis.  Ducht Müller is ainm don réamhtheachtaí bainiscneach, atá mar bhunús do na féadáin Fallópaigh,don bhroinn, don cheirbheacs is do thrian uachtarach den bhfaighin.

An dara phointe ná go bhfuil réamhshocrú baininscneach ag corp an duine. Sé sin le rá, muna dtarlaíonn athraithe áirithe ag pointí áirithe sa bhealach ceart, athraithe atá faoi smacht ghéin sa chróimeasóm Y, fásfaidh ducht Müller, seargfaidh ducht Wollf, agus forbróidh an féatas mar cailín, fiú más buachaill atá ann ó thaobh géiniteach.

Is é an triú pointe ná go dtagann córas atáirgthe seachtrach an duine ó na struchtúir chéanna i bhfir agus i mná. Sin a rá, tagann an péineas agus an brillín ón struchtúr céanna sa ghin – an tiúbarcal ginitiúil. Tá an bunús céanna sa ghin ag an cadairne agus na labia chomh maith. Is ollmhór na himpleachtaí den eolas sin ar ár dtuiscint ar anatamaíocht an duine. Go bunúsach, ciallaíonn sé gur contanam atá ann idir péineas agus brillín, idir cadairne agus labia, idir fir is mná. Agus bíonn na milliúin duine amuigh ansin ar domhan nach gcloíonn le frámaíocht dhocht dhaingneach an ghnéis sa Domhan Thiar. Ní tharaingíonn an nádur an líne idir firinscneach is baininscineach – is muidne a tharaingíonn an líne sin ar an nádúr.

I rith Craobh Lúthchleasaíochta an Domhain i mBeirlín i 2009, bhí conspóid mhór maidir le rannpháirtíocht an lúthchleasaí Caster Semenya tar éis gur foilsíodh go rinneadh scrúdú gnéis uirthi tar éis gur bhuaigh sí an rás 800 méadar. Dá bharr na foilsithe  seo, rinneadh uirísliú, idirdhealú is drochíde uafásach uirthi is caitheadh léi sna meáin amhail is dá mba arrachtach  i ‘freak show’ í. Is éard atá i gceist sa chás seo ná Siondróm Neamhairde Andraigineach(Androgen Insensitivity Syndrome), riocht ina bhfuil crómasóim XY ag an féatas ach nuair nach n-oibríonn gabhdóirí teististéaróin na gceall. B’fhéidir gurbh comparáid chuí chun an riocht seo a thuiscint ná an gaol atá idir againne mar dhaoine agus an ghrian. Cé gur  foinse fuinnimh í an ghrian, neamhchosúil le plandaí, nílimid in ann úsáid a bhaint as fuinnimh na gréine mar nach bhfuil na ‘gabhdóirí’ cearta againn(clórafaill) chun a fuinneamh a thabhairt isteach ionainn.  Cé go mbíonn teistearóin san fhuil i linbh le Siondróm Neamhairde Andraigineach níl na ceallaí in ann é a thabhairt isteach iontu is é a úsáid. Mar sin, cé go mbíonn géinitíopa firinscneach acu-ar bhealach géiniteach, is buachaillí iad, tá feinitíopa baininscneach acu –sé sin le rá go minic bíonn dealramh go hiomlán baininscneach orthu.

Faraor,is beag feasachta poiblí faoi láthair faoin idirghnéas in Éirinn. Agus níl sé sin le rá nach bhfuil sé ann sa tír seo. Cé nach bhfuil staitiscí oifigiúla againn in Éirinn, creidtear go bhfuil tréithe éigin d’idirghnéas ag leanbh amháin as gach 200 linbh a bheirtear in Éirinn agus go mbíonn máinliacht de shórt éigin ag leanbh amháin as gach 650. Ar ndóigh, cosúil leis an drochíde san Eaglais Chaitliceach, leis an galar intinne is leis an homoghnéasachas sna blianta romhainn(is fós inniu), tá cultúr ciúnais, cultúr nimhnithe le náire, le tost, is rúndacht faoin gceist seo. In ainneoin coitiantachta an idirghnéasachais, bíonn daoine idirghnéasacha Éireannacha dofheicthe nó imeallaithe sa sochaí. Ina theannta sin, de bharr easpa tuisceana is feasachta sa tír, déantar drochíde, idirdhealú is éagóir  uafásacha ar chuid mhór acu mar pháistí ar scoil agus tar éis sin sa saol mór.

Tógtar cás faoi láthair i Geneva  faoi chliseadh an rialtais Éireannaigh na cearta cuí a thabhairt do dhaoine trasinscneacha is idirghnéasacha. Sa lá atá inniu ann níl aon smacht ag daoine idirghnéasacha faoin gnéas a santar dóibh ar a dteastas breithe. Ní dhéantar aon iarracht fanacht chun féachaint cén féiniúlacht inscneach a mbeidh ag an páiste níos déanaí sula dtugtar lipéad gnéis orthu. Fiú má bhfuil cuma gnéis go hiomlán doiléir ar an leanbh, de réir dlí Éireannaigh caithfear lipéid gnéis a chur orthu, lipéad a mbeidh leo ar feadh a saoil, lipéad a chinnteodh féiniúlacht dhulíthiúil an libh, gan an féidearthacht a bheith ann an chinneadh sin a athrú níos déanaí. Fiú má bhíonn féiniúlacht go hiomlán codarsnach ag déagóir idirghnéasach maidir leis an gnéas a thugadh orthu ar am a mbreithe,  ní féidir an chinneadh tosaigh a athrú, is cuma cén tionchar a bhíonn ag an éagóir ar shláinte agus ar chearta daonna an duine i gceist.

Thaispeán cás sna cúirteanna Éireannacha i 2009 an éagóir a chruthaíonn dlí na linne seo maidir le daoine idirghnéasacha. Sa chás truamhéalach sin, ní raibh buachaill beag a chláiríodh mar cailín ach a raibh féiniúlacht firinscneach aige, in ann áit a fháil sna scoileanna ina cheantar toisc nár chloígh sí le noirm sóisialta na háite. Diúltaigh scoil na mbuachaillí áit a thabhairt dó toisc gur chláiríodh mar chailín é ar a dteastas breithe. Diúltaigh scoil na gcailíní áit dó toisc go raibh sé soiléir go raibh féiniúlacht mar bhuachaill aige.

B’fhéidir gurb í an fhadhb is mó ná go ndéantar máinliacht do-iompaithe fós ar pháistí idirghnéasacha in Éirinn agus i dtíortha eile gan ghá. Mar gheall ar an mbrú sóisialta a bheith ‘normálta’ is an bhrú sa dhlí Éireannach gnéas a shannadh ar leanbh chomh luath is a rugtar é,  is iondúil fós go ndéantar máinliacht chun dealramh na bpáistí seo a ‘normálú’ . I bhformhór millteanach na gcásanna sin, máinliacht gan aon ghá liachta ar pháistí atá go hiomlán sláintiúil atá i gceist.  Is truamhéalach an rud é ná mar go dtugann coirp na bpáistí sin dúshlán do noirm na sochaí, bíonn siad ina n-íobartaigh do sannadh gnéis do-athraithe, aimridiú neamhdheonach, máinliacht normálú gnéis, iad  go léir déanta i gcónaí gan toiliú feasach an pháiste agus go minic gan toiliú feasach a dtuismitheoir. Mar gur máinliacht do-athraithe atá i gceist, cruthaíonn sí dianfhulaingt intinne do na páistí nuair nach gcloíonn a gcorp nua leis an bhféiniúlacht atá acu níos déanaí. Don chuid is mó den am, déantar dochar arrachtach dá bhfeidhmiú gnéasach mar dhuine fásta agus  is minic go bhfuil neamhthorthúlacht bhuan do-iompaithe mar thoradh ar an máinliacht chomh maith.

Bíonn neart daoine fós den thuairim go gcaithfidh páistí idirghnéasacha dul faoin scian chomh luath is féidir ionas gur féidir leo corp is féiniúlacht áirithe deimhin a bheith acu ag fás aníos agus nach ndéanfar bulaíocht  orthu ar scoil.  Ach an déarfadh daoine gurbh chóir dúinn craiceann pháistí gorma a bhánú ionas nach mbuailfeadh siad le hidirdhealú ar an sráid? Ar chóir dúinn páistí rua a tharraingt láithreach  chuig an gruaigaire chun iad a iompú ina ‘blonds’ ionas nach mbeidh na páistí eile ag spochadh astu sa chlós  scoile?  An ceart é máinliacht a dhéanamh ar pháistí nach bhfuil tada mícheart nó míshláintiúil leo, páistí leis an bhfadhb amháin acu ná go bhfuil dealramh beagáinín difriúil acu ag an cuid is mó dá rang? In áit páistí beaga a chiorrú chun nach ndéantar iad a chéasadh sa chlós scoile, is é atmaisféar an chlóis scoile a chaithimid a athrú.

Le gairid sa Ghearmáin agus san Astráil, tugadh isteach aitheantas dlíthiúil do chearta dhaoine idirghnéasacha. Anois is féidir le tuismitheoirí pháistí idirghnéasacha agus le daoine idirghnéasacha féin “X” a chur síos mar chatagóir gnéis ar a gcuid doiciméid  oifigiúla más mian leo. Anuas air sin, tá an ceart acu an catagóir seo a athrú níos déanaí chun a stádas a sioncronú le féiniúlacht gnéis áirithe má bhíonn siad ag iarraidh. Cén fáth nach bhféidir le rialtas na hÉireann reachtaíocht chosúil a chur i bhfeidhm? Faraor is iondúil go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha san Iarthair is moille chun cearta daonna a thabhairt chun tosaigh. Cén fáth nach bhféidir linne mar thír an tráth seo dioscúrsa a oscailt i measc tíortha eile, cén fáth nach féidir linn cearta na ndaoine sin a aithint, cén fáth nach bhféadfaimid bheith inár gceannairí sa chás sin? Ní chaithfimid i gcónaí a bheith cosúil leis an páiste beag sa chlós scoile atá ró-eaglach chun seasamh suas leis na páistí is imeallaithe, a fhanann go dtí go ndéanann na páistí is cumhachta sa rang cinneadh páistí imeallaithe áirithe a ligint isteach sa chiorcal.

Tá an iomarca taithí againn in Éirinn féachaint go cúlghabhálach ar éagóirí in ár sochaí,nach labhair éinne amach fúthu. Ná ligfimid caibidil thragóideach eile a scríobh i stair na tíre seo.  In áit cur i gcéill nach mbíonn na daoine sin ann in Éirinn, caithfimid mar shochaí seasamh suas is labhairt amach chun cearta dhaoine idirghnéasacha a chosaint.

Nach truamhéalach an rud é gur in Éirinn san aonú aois fiche go n-athraítear fós coirp pháistí áirithe, coirp nach bhfuil tada míshláintiúil leo ach go dtugann siad dúshlán do noirm shóisialta? Nach mbeadh sé níos fearr ár meabhair a athrú seachas ár gcoirp?

Rádhulbh Uirthileach Ó Duibhir

Ralph Hurley O’Dwyer

Foilsithe ar dtús i “Tuathal” sa bhliain 2014

P.S. Mar gur scríobhadh an t-alt seo i 2014, ní raibh an reachtaíocht nua faoi chearta inscne i bhfeidhm. Mar sin, is féidir le daoine idirghnéasacha in Éirinn a rogha inscne féin a athrú anois(ach níl cead acu clárú mar dhuine idirghnéasach).

Advertisements

2 thoughts on “An tIdirghnéas

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s